In cart Not available Out of stock

This is an old Irish hymn, one of the few that have come down to us.

Lyrics

Bí, a íosa, im chroíse i gcuimhne gach uair,
Bí, a íosa, im chroíse le haithrí go luath
Bí, a íosa, im chroíse le cumann go buan
ó, a íosa 'Dhé dhílis, ná scar Thusa uaim.

Gan íosa mo smaointe ní thaithníonn liom féin,
Gan íosa mo scríbhinn ná foghar mo bhéil,
Gan íosa mo ghníomhartha ní maith insan tsaol,
ó, a íosa 'Dhé dhílis, bí romham is am dhéidh.

Sé íosa mo ríse, mo chara 's mo ghrá,
Sé íosa mo dhídean ar pheaca 's ar bhás,
Sé íosa mo aoibhneas, mo scáthán do ghnáth,
A's, a íosa, 'Dhé dhilis, ná scar uaim go bráth.

Bí, a íosa, go síoraí im chroí is im bhéal,
Bí, a íosa, go síoraí im thuigse mar an gcéann',
Bí, a íosa, go síoraí im mheabhair mar léann,
ó, a íiosa, 'Dhé dhílis, ná fág mé liom féin.